Tá sé ráite ag Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von der Leyen, leis an gcomhlacht cogasaíochta, AstraZeneca, gur gá dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh ó thaobh sheachadadh vacsaín i gcoinne Covid 19 de.

Labhair Ursula von der Leyen le príomhfheidhmeannach an chomhlachta, Pascal Soriot, ar an bhfón ar maidin agus dúirt sí leis gur aontaigh an tAontas Eorpach conradh le AstraZeneca  agus gur chuir siad go leor infheistíochta ar fáil dóibh sula raibh an vacsaín ceadaithe ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach, fiú. 

Tá an tAontas Eorpach ag súil, a dúirt sí, go ndéanfaidh an comhlacht a dhícheall chun réiteach gasta a fháil ar an moill. 

Scríobh Stella Kyriakides, Coimisinéir Sláinte an Aontais Eorpaigh, chuig an gcomhlacht freisin, tar éis d'AstraZeneca a chur in iúl dé hAoine go mbeadh ganntanas soláthairtí den vacsaín ar fáil. 

Glacfaidh ionadaithe ón gcomhlacht páirt i gcruinniú fíorsúil go luath le hoifigigh shláinte de chuid an Choimisiúin Eorpaigh agus de chuid na mballstát.

Dúirt an Dochtúir David Nabarro ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte inniu go dtuigeann sé go maith go bhfuil frustrachas agus díomá ar dhaoine de bharr na nganntanas seo, ach gur gá a thuiscint gur próiséas casta é seo. Thug sé le fios freisin gur, de ghnáth, nuair a bhíonn ganntanas i gceist, is de bharr iarracht an táirge a fheabhsú a tharlaíonn sé.