Tá sé tugtha le fios ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go bhfuil roinnt fianaise ann go bhféadfadh go bhfuil baint ag athraitheach nua ar an gcoróinvíreas le ráta báis níos airde i measc daoine a tholgann é.

Tugadh an t-athraitheach seo faoi deara ar dtús in oirdheisceart Shasana an mhí seo caite.

Bhí a fhios cheana féin go scaipeann sé níos gasta agus níos tréine ná athraithigh eile. 

Dúirt príomhchomhairleoir eolaíochta na Breataine Patrick Vallance go bhfuil an fhianaise a luaigh an Príomh-Aire Johnson neamhbheacht go fóill agus go bhfuiltear ag fanacht le tuilleadh faisnéise. 

Tá fianaise eile ann, a dúirt sé, go bhfuil na vacsaíní atá táirgthe go dtí seo ag lucht cógaisíochta in ann an t-athraitheach nua a chloí.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na hÉireann an Dr Tony Holohan inné go bhfuil an t-athraitheach ar an víreas a aimsíodh ar dtús i Sasana ar an gceann is coitianta sa tír seo faoi láthair.

Is é faoi deara 60% de na cásanna Covid-19 is deireanaí sa Stát, a dúirt sé.