Fógraíodh tráthnóna go bhfuil 52 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 2,371 cás nua ann.
Fágann sé seo go bhfuil 2,870 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 184,279 duine ó thús na paindéime.
Tá 1,931 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre agus tá 219 díobh in aonaid dianchúraim.
Is i mBaile Átha Cliath atá 757 den 2,371 cás nua, tá 237 cás i gCorcaigh, 154 i bPort Láirge, 123 i Loch Garman, 114 i Lú agus tá na 986 cás eile roinnte idir na contaetha eile.
Dearbhaíodh níos túisce inniu go bhfuil dáréag eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 865 cás nua ann.
Fágann sin go bhfuil 1,704 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil sé tolgtha ag 99,216 duine ann ó thús na géarchéime.
Tá 828 othar Covid-19 in ospidéil ar fud an Tuaiscirt agus tá 72 acu in aonaid dianchúraim.