Tá ógánach á cheistiú ag na Gardaí faoi ionsaí brúidiúil a rinneadh ar bhean i lár chathair Bhaile Átha Cliath arú aréir.
Ionsaíodh agus robáileadh an bhean atá os cionn 40 bliain d'aois agus í ag siúl i gceantar Lárionad Seirbhísí Airgeadais na hÉireann ag thart ar 9.30 oíche Dé Céadaoin.
Tá an bhean an-dona tinn in Ospidéal an Mater.
Gabhadh an t-ógánach inné agus tá sé á cheistiú i Stáisiún Ghardaí Shráid an Stórais.
Seo an dara hionsaí ar bhean a bhí ag siúl ina haonar i mBaile Átha Cliath le gairid.
Tá ionsaí a rinneadh ar bhean os cionn 20 bliain d'aois i mBaile Brigín seachtain ó shin á fhiosrú ag na Gardaí ansin.
Buaileadh an bhean anuas faoin tsráid, tugadh roinnt buillí cos di agus gearradh a cuid éadaigh.
Deir na Gardaí gur triúr ógánach a d'ionsaigh an bhean.