Tá imní léirithe ag ceannairí an Aontais Eorpaigh faoi na athraithigh úra ar an gcoróinvíreas atá tagtha chun cinn ó thús mhí na Nollag. 

Ag físchomdháil de cheannairí na seacht mballstát is fiche, aontaíodh go gcuirfí dlús le cúrsaí tástála agus taighde san Aontas le tuiscint agus léargas níos fearr a fháil ar na hathraithigh nua a tugadh faoi deara i tosach i Sasana, san Afraic Theas agus sa Bhrasaíl. 

Dúirt Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen gur cor an-tromchúiseach sa scéal is ea na hathraithigh nua ach gur údar dóchais an dlús atáthar a chur le vacsaíníu an phobail ar fud an Aontais Eorpaigh.

Tá imní ar na ballstáit go mbeidh beartais dianghlasála níos déine fós ag teastáil leis na hathraithigh seo a bhrú faoi chois agus go bhfulaingeoidh geilleagar an Aontais tuilleadh dá mbarr. 

Tuigtear go bhfuil an vacsaín Pfizer/BioNTech in acmhainn an t-athraitheach a tháinig chun cinn i Sasana a chloí ach níltear cinnte faoin dá athraitheach eile.