Tá leathadh an ghalair Covid-19 i measc an phobail i bhfad ró-ard fós le go n-osclófaí scoileanna arís, a dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an Dr Colm Henry.
Dúirt Colm Henry gur olc an scéal é go bhfuil na scoileanna dúnta i gcónaí ach go bhfuil ráta scaipthe an ghalair deich n-uaire níos airde anois ná mar a bhí ag tús mhí na Nollag.
Ní mór an ráta scaipthe a ísliú go mór sular féidir dul sa seans agus leanaí ó theaghlaigh éagsúla a thabhairt le chéile ar scoil arís, a mhaígh sé.
Ina dhiaidh sin féin, a dúirt Colm Henry, tá sé ag súil go mbeifear in ann freastal ar bhealach éigin ar leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.
Thug sé le fios go bhfuil an tír seo i ngábh ó thaobh Covid-19 de agus cé go bhfuil laghdú beag tagtha le gairid ar an líon cásanna i measc an phobail go bhfuil ráta as cuimse ann i gcónaí.
Thart ar 2,500 cás sa ló atá ann faoi láthair, a dúirt sé.
Dúirt sé cé go bhfuil an víreas ar na daoine sin nár buaileadh tinn go leor acu fós. Ar deireadh, a dúirt sé, caithfear cuid acu a chur san ospidéal, cuid acu in aonad dianchúraim, agus ar an drochuair gheobhaidh cuid acu bás.
Mhol Colm Henry go hard na hoibrithe sláinte ar fad a bhfuil broid ábhalmhór oibre orthu faoi láthair agus mhaígh sé gur míorúilt é nach bhfuil cúrsaí níos measa ná mar atá.