Tá an lúthchleasaí cáiliúil Jerry Kiernan tar éis bháis. Bhí sé 67 bliain d'aois.
Reathaí fadraoin ab ea Jerry Kiernan agus bhí sé ar fhoireann na hÉireann sna Cluichí Oilimpeacha i Los Angeles i 1984, mar ar tháinig sé sa naoú háit i rás an mharatóin.
Bhuaigh sé Maratón Bhaile Átha Cliath i 1982 agus i 1992 agus ba é an seachtú hÉireannach é a rith míle faoi bhun ceithre nóiméad.
B'as Lios Tuathail, Co Chiarraí, ó dhúchas é Jerry Kiernan, ar chóitseálaí é chomh maith. Bhí an reathaí meánraoin Ciara Mageean i measc na lúthchleasaithe óga a bhí faoina choimirce.
Bhíodh sé ar phainéal saineolaithe RTÉ le linn na gCluichí Oillmpeacha, áit ar bhain sé tuilleadh clú amach.