D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 51 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 2,608 cás nua ann.
Fágann sé seo go bhfuil 2,818 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 181,922 duine ó thús na paindéime.
Tá 1,943 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre - ardú 105 ó inné - agus tá 214 díobh in aonaid dianchúraim.
Is i mBaile Átha Cliath atá 1,019 den 2,608 cás nua, tá 204 cás i gCorcaigh, 135 i nDún na nGall, 132 i nGaillimh, 131 i gCill Dara agus tá na 987 cás eile roinnte idir na contaetha eile.
Fógraíodh níos túisce inniu go bhfuil 21 duine eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 732 cás nua ann.
Fágann sin go bhfuil 1,692 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil sé tolgtha ag 98,351 duine ann ó thús na géarchéime.
Tá 806 othar Covid-19 in ospidéil ar fud an Tuaiscirt agus tá 70 acu in aonaid dianchúraim.
Tráthnóna, d'fhógair Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaisicirt, Arlene Foster agus Michelle O'Neill, nach maolófar na srianta i bhfeidhm ó thuaidh faoi láthair go dtí 5 Márta ar a thúisce.
Dúirt siad freisin go bhféadfaí iad a shíneadh tuilleadh go dtí tús an Aibreáin.