Ní raibh bunús ar bith le marú fir ar lámhaigh saighdiúir Briotanach é i gCo Thír Eoghain sa bhliain 1974, a dúirt cróinéir ag ionchoisne faoin gcás san Ómaigh inniu.
Lámhachadh agus maraíodh Paddy McElhone, 24 bliain d'aois, sa droim in aice lena theach cónaithe i gCnoc Aoil, Pomeroy, Co Thír Eoghain.
Dúirt an cróinéir an Breitheamh Siobhán Keegan gur cuma cén leagan den scéal a d'inseofaí nach bhféadfaí marú an fhir óig a chosaint.
Fear éigiontach ab ea Paddy McElhone a caitheadh as fuil fhuar agus gan rabhadh, a dúirt an cróinéir.
Dúirt sí nárbh aon bhagairt ar aon duine é.
Ní raibh sé ar liosta comhaltaí den IRA agus ba dhaoine iad a mhuintir nach raibh mórán acu, a dúirt sí.
Seo an chéad chás de shraith coistí cróinéara faoi roinnt maruithe a tharla le linn na coimhlinte ó thuaidh.