Níl sé curtha as an áireamh ag an Taoiseach Micheál Martin go mbeidh bialanna dúnta go dtí mí na Bealtaine nó níos faide ná sin.

Thug an Taoiseach le fios freisin gur dóichí go mbeidh ionaid miondíola dúnta go dtí deireadh na míosa seo chugainn agus gur ceist ar leith iad na scoileanna. 

Ag labhairt dó ar theilifís Virgin Media, dúirt Micheál Martin nach maolófar formhór na srianta Covid-19 atá ann faoi láthair go dtí deireadh Feabhra. 

I dtaca le cúrsaí taistil de, dúirt an Taoiseach go bhfuil an Rialtas ag impí ar dhaoine gan dul thar lear agus gan teacht chun na tíre seo. 

Tá sé de dhualgas ar thaistealaithe a chruthú nach bhfuil Covid-19 orthu agus dealraíonn sé go bhfuil daoine ag comhlíonadh na rialach sin, a dúirt sé. 

Ní hin é an scéal ar fad, áfach, a dúirt sé, mar gheall go bhfuil an oiread daoine ag dul go Béal Feirste ón iasacht.

Mhaígh sé go bhfuil ann Rialtas ag coinneáil súil ghéar ar chúrsaí taistil.