Léiríonn an staidreamh is deireanaí ón Lárionad Faire um Chosaint Sláinte gur tholg 1.4% de dhaoine os cionn 85 bliain sa Stát an galar Covid-19 an tseachtain seo caite, an ráta is airde i measc aon aoisghrúpa.

Tá 485 duine básaithe le Covid-19 ó thus na míosa, de réir na bhfigiúirí.

Is in aonaid dianchúraim a bhásaigh 5% díobh, bhásaigh 40% i mbardaí ginearálta ospidéal agus 55% in áiteanna eile seachas ospidéil. 

Bhí 40% den dream a cailleadh os cionn 85 bliain.

Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go raibh 1,923 othar Covid-19, chomh maith 8,500 othar a raibh tinnis eile ag dul dóibh, in ospidéil na tíre inné.  

Bhí 210 de na hothair Covid-19 in aonaid dianchúraim.