D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 61 duine eile sa Stát básaithe leis an ghalar Covid-19 agus go bhfuil 2,488 cás nua aimsithe. 

Fágann sé seo go bhfuil 2,788 duine básaithe leis an ghalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 179,324 duine ó thús na paindéime. 

Bhí 1,923 duine a bhfuil an víreas orthu san ospidéal - laghdú de 26 ón lá inné. Tá 210 duine a bhfuil sé orthu in Aonad Dianchúraim - méadú d'ochtar ón lá inné.

Léiríonn figiúirí a foilsíodh inniu go bhfuil an galar tolgtha ag 1,223 duine as gach 100,000 den daonra le coicís anuas.

Tá imní léiríthe ag saineolaíthe sláinte faoin líon ard daoine a bhfuil cóir leighis le haghaidh Covid-19 ag teastáil uathu in aonaid dianchúraim an Stáit.  Dúirt Uachtarán Chumann Dianchúraim na hÉireann, an Dr. Catherine Motherway, nach bhfuil a fhios aicí an mbeidh go leor leapacha dianchúraim ar fáil 'sna seachtainí romhainn.

Is i mBaile Átha Cliath atá 726 den 2,488 cás nua, tá 314 i gCo Chorcaigh, 148 i gCo na Gaillimhe, 133 i gCo. Luimnigh, 130 sa Mhí agus an chuid eile acu scaipthe ar fud na gcontaetha eile.
Dhá dhuine is fiche eile a fuair bás leis an víreas ó thuaidh den teorainn agus aimsíodh é i 905 duine eile.

cás úr atá deimhnithe sa Tuaisceart tráthnóna.

Fágann sin go bhfuil 1,649 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil sé tolgtha ag 96,714 duine ó thús na géarchéime. 

Tá 842 othar Covid-19 in ospidéil ar fud an Tuaiscirt agus tá 70 acu in aonaid dianchúraim.