Tá sé tugtha le fios ag ceannaire Shinn Féin i dTuaisceart Éireann, Michelle O'Neill, go bhfuil sí i bhfábhar cead a thabhairt úsáid a bhaint as baill d'fhórsaí na Breataine sna h-iarrachtaí bua a fháil ar an Choróinvíreas. 

Tuigtear go bhféadfadh Roinn Cosanta na Breataine suas le 100 teicneoir leighis de chuid an airm a chur ar fáil le cur go Tuaisceart Éireann agus go dtacóidh Michelle O'Neill leis an chinneadh.

Dúirt an leasPhríomh Aire san Fheidhmeannas le Nuacht RTÉ gur "sábháil beatha an rud is tábhachtaí linn. Daoine a choinneáil sábháilte agus an tseirbhís sláinte a chosaint - sin iad na tosaíochtaí atá againn," a dúirt sí, "Ní chuirfidh muid aon rud as an áireamh."

"Is ag cothú deighilte agus mearbhaill atá aon duine a dhéanfaidh iarracht ceist ghlas agus oráiste a dhéanamh de bhagairt an Chovid-19," a dúirt sí.

Ta 629 ball foirne sa chóras sláínte poiblí i dTuaisceart Éireann as láthair de bharr Covid-19.

Tá 826 ball eile foirne as láthair de bhrí go bhfuil siad ag féin aonrú.