Is é Joe Biden an 46ú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ghlac sé mion a oifige ar chéimeanna Theach an Chaipeatóil i Washington le linn searmanais a chloígh le srianta sábháilteachta Covid-19.

Ina chéad óráid, gheall an tUachtarán "ré nua" do na Stáit Aontaithe i ndiaidh ceithre bliana de réimeas Donald Trump. Thug Donald Trump an t-eiteach don chuireadh chuig an tsearmanas insealbhaithe - ina áit sin d'fhág sé an Teach Bán agus thug a aghaidh ar a áras i Mar O Lago i Stát Florida.

Níor thagair an tUachtarán Biden do Donald Trump ar chor ar bith ina óráid ach d'iarr sé ar an phobal aontú le chéile agus thug sé rabhadh dóibh go bhfuil an iliomad dúshlán amach rompu. Ach i bhfianaise chomh deighilte is atá córas polaitiúil na Stáit Aontaithe, agus an bhail atá fágtha ag Covid-19 ar an tír, dúirt Joe Biden "gur ghá i bhfad níos mó ná focail le bua a fháil ar na dúshláin sin. Beidh gá le rud atá deacair a aimsiú sa daonlathas - aontas."

"Seo lá Mheiriceá, seo lá an daonlathais," a dúírt sé. "Lá na staire agus an dóchais."

Bhí na h-iar-Uachtaráin Barack Obama, George W Bush, agus Bill Clinton i láthair.

Ba é Mike Pence an tIar leas-uachtarán an t-aon bhall de réimeas Donald Trump a bhí ag an tsearmanas. Rinne an leasUachtarán nua Kamala Harris agus a fear céile, Mike Pence agus a bhean chéile a thionlacan chomh fada le céimeanna an Chaipeatóil i ndiaidh na h-ócáide, áit ar fhág siad i gcarr oifigiúil. Ba seo an siombal deireanach de cheithre bliana achrannacha Donald Trump. 

Orthu siúd a cheol le linn an tsearmanais insealbhaithe bhí Jennifer Lopez, an ceoltóir tíre Garth Brooks agus Lady Gaga a cheol amhrán náisiúnta na Stát Aontaithe.