Tá liosta foilsithe ag RTÉ inniu de na fostaithe is mó tuarastal san eagraíocht. Baineann an t-eolas leis na blianta 2017, 2018 agus 2019, agus deir an craoltóir gur laghdaigh sé tuarastal an deichniúr craoltóir is airde pá faoi 15% i 2020.

Is é Ryan Tubridy atá ar bharr an liosta sna trí bliana sin agus tá Ray D'Arcy agus Joe Duffy sna sála aige.

2017: I 2017, shaothraigh Ryan Tubridy tuarastal €491,667. Fuair Ray D'Arcy tuarastal de €450,000, agus Joe Duffy pá de €398,738. Fuair iar-láithreoir an chláir maidne Today with Seán O'Rourke tuarastal €321,071.

Ba í an craoltóir Marian Finucane, a fuair bás anuraidh an cúigiú duine a ba mhó tuarastal i 2017 -  €314,809 a shaothraigh sí.

Léiríonn an ráiteas gur shaothraigh an láithreoir Prime Time Miriam O'Callaghan tuarastal de €299,000 i 2017, agus Claire Byrne €240,000. Is iad George Hamilton ar €191,496, Darragh Maloney ar €183,743 agus an láithreoir i 2FM Nicky Bryne ar €182,400 na craoltóirí eile den 10 a b'airde tuarastal i 2017.

2018: I 2018, shaothraigh Ryan Tubridy tuarastal de €495,000 agus a chomhghleacaí Ray D'Arcy suim de €450,000.

€404,988 a shaothraigh Joe Duffy an bhliain sin agus thuill Marian Finucane an ceathrú tuarastal a b'airde - €333,013. 

Ba é Sean O'Rourke a fuair an cúigiú tuarastal ab airde - €325,263, beagán níos mó ná Miriam O'Callaghan a shaothraigh €322,667. Thuill Claire Byrne pá de €250,000.

Léiríonn na figiúirí gur shaothraigh Brendan O'Connor an t-ochtú pá a b'airde an bhliain sin le tuarastal de €240,000. Thug Bryan Dobson €209,282 na bhaile leis agus ba é George Hamilton an deichiú duine a ba airde tuarastal i 2018 le €192,796.

2019: Is iad tuarastail na bliana 2019 na figiúirí is déanaí a curtha ar fáil ag RTÉ - arís eile léiríonn siad gurb é Ryan Tubridy is mó a shaothraigh óna fhostóir -  €495,000. Bhí Ray D'Arcy sa dara h-áit ar €450,000 agus Joe Duffy sa tríú h-áit le €392,494.

Ba í Marian Finucane an ceathrú duine a ba mhó tuarastal - €358,013. Thuill Sean O'Rourke tuarastal de €327,988.

Shaothraigh Miriam O'Callaghan €320,000, agus Claire Byrne €250,000. Tuarastal de €220,000 a fuair Brendan O'Connor; €209,282 a fuair Bryan Dobson agus shaothraigh Mary Wilson a bhí ag obair ar an chlár DriveTime san am tuarastal de €196,961.