Deir an Taoiseach Micheál Martin gur lean an Rialtas comhairle na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí "a bheag nó a mhór."

Dúirt sé "nár thuar aon duine" go mbeadh 6,000 cás Covid-19 sa lá ann, mar a tharla le gairid.

Cúiseanna séasúrachta agus an sainchineál nua a ba chúis leis an ardú i líon na gcásanna a dúirt an Taoiseach, agus "gan aon amhras tá an sóisialú ar cheann de na toscaí."

Bhí "go leor ócáidí ann, nach bhfui aon bhaint acu leis an earnáil fáilteachtais, a chabhraigh go mór le scaipeadh an víris," a dúirt sé.

Is mar freagra ar chaint ón Teachta Dála Paul Murphy ón Dlúthpháirtíocht - Pobal Roimh Bhabús a dúirt an Taoiseach an méid seo. Chuir Paul Murphy ina leith gurb í "a theip an chomhairle sláinte pobail a leanacht" is cúis leis na "céadta bás tragóideach."