Tá iarrtha ag Teachtaí Dála ar an Taoiseach idirghabháil a dhéanamh le scoileanna a athoscailt do leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu.

Theip aréir ar phleananna an Rialtais seirbhísí scoile do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu a athoscailt amárach nuair a d'fhógair an INTO agus Fórsa nach bhféadfadh siad tacú leis an phlean. 18,000 dalta a bhaineann leas as na seirbhísí oideachais speisialta.

Dúirt urlabhraí Oideachais Pháirtí an Lucht Oibre, Aodhán Ó Ríordáin go bhfuil smacht caillte ar an chonspóid ag an Aire Oideachais Norma Foley agus ag Jospeha Madigan, an tAire Stáit atá freagrach as Oideachas Speisialta agus go bhfuil sé in am anois ag an Taoiseach iarracht a dhéanamh an tsáinn a réiteach.

Ar maidin dúirt an tAire Oideachais Norma Foley go bhfuil sé "thar a bheith mímhacánta" ag Ardrúnaí chumann na mbunmhúinteoirí John Boyle a rá nach dtug a cheardchumann treoir do mhúinteoirí gan dul arais ag obair amárach.

Dúirt an tAire Foley go raibh sé rí-shoiléir sna ráitis a d'eisigh an INTO agus Fórsa nach raibh siad sásta glacadh leis an chomhairle sláinte poiblí a tugadh dóibh ná leis an réiteach a cuireadh ar fáil dóibh.

Ina measc seo, a dúirt sí, bhí beartais maidir le saoire tuismitheora, méadú ar fhóirdheontais cúraim leanaí agus cead a thabhairt do mhúinteoirí agus do chúntóirí riachtanais speisialta atá ag súil le leanbh oibriú ón mbaile go sealadach.

Le linn Cheisteanna na gCeannairí sa Dáil, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur neamhábaltacht an Rialais is cúis le an phlean titim as a chéile. Ach dúirt an Taoiseach gur ghníomhaigh an Rialtas go macánta agus nach fíor a rá nach ndearnadh plé ar bith le múinteoirí ná le Cúntóirí Riachtanais Speisialta.