Tá fáilte curtha ag an earnáil Iascaireachta i dTuaisceart Éireann roimh an gcinneadh cead a thabhairt do bháid as an Ríocht Aontaithe a gcuid éisc a thabhairt i dtír i 5 chalafort bhreise sa Stát.

D'fhógair Aire na Mara, Charlie McConalogue go mbeidh cead ag báid ón mBreatain agus Tuaisceart Éireann a gcuid éisc a thabhairt i dtír i mBinn Éadair, i mBaile Átha Cliath, i Ros a' Mhíl, Co.na Gaillimhe agus i 3 chalafort eile - i gCo. Dhún na nGall - ó thús Mhí Feabhra.

Ó thús na bliana seo, mar gheall ar an mBreatimeacht, ní raibh cead acu iasc a thabhairt i dtír ach sna Cealla Beaga (Co.Dhún na nGall) agus i mBaile Chaisleán Bhéara (Co.Chorcaí).