De réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Sláinte, tá ochtar eile marbh sa stát ag an víoras corónach.

Léirítear freisin 2121 cás breise a bheith tagtha chun cinn.

Tá 200 de na cásanna sin deirtear in aonaid dianchúraim sna hospidéil.

In aois idir 49-93 atá an t-ochtar a bhásaigh le 24 uair a' chloig anuas.

2,616 atá marbh anois sa stát de bharr Covid 19.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis sa Roinn Sláinte,Tony Holohan nach raibh an oiread daoine riamh sna hospidéil de thoradh na paindéime seo is atá faoi láthair.

'Léiriú é seo ar a thógálaí is atá an tréithchineál is deireanaí seo den choróinvíreas' a dúirt sé.

Mhol sé arís do dhaoine fanacht sa bhaile an oiread agus ab fhéidir.