De réir na bhfigiúirí is deireanaí óna gardaí,tá breis is 400 duine fíneáilte faoi bheith ag sárú na srianta bainteach le Covid.
Seachtain ó shin a tháinig an dlí i bhfeidhm faoina rialacháin sláinte phoiblí.
Tá an pobal ceaptha fanacht i bhfoisceacht 5 chiliméadar dá áit chónaithe, ach amháin i gcásanna eisceachtúla nó cúrsaí oibre.
'Ní raibh leithscéal sásúil ag daoine áirithe nuair a stop muid iad ag pointí seiceála' a dúirt an Garda Síochána.
Sampla láidir den sárú seo a dúradh, ba ea taisteal dhaoine chuig sléibhte Chill Mhantáin (170 den fhigiúir seo).
Bhain 3/4 de na figiúirí leis an deireadh seachtaine seo caite.
Gardaí ag coinneáil súil ar theacht agus imeacht i Sléibhte Chill Mhantáin
I dteannta Shléibhte Chill Mhantáin, rugadh ar dhaoine freisin ag fáinneáil thimpeall faoin aer i gceantar foraoise sa Longfort agus i bPáirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath.
€100 fíneála atá ann don té a mbeirtear air taobh amuigh dá limistéar cónaithe 5km gan aon leithscéal cuí.
Tá €500 de phíonós ann don té a eagraíonn teacht le chéile ag sárú na rialachán.
Aon duine a dhiúltaíonn masc a chaitheamh in áiteanna poiblí gan leithscéal sásúil, gearrfar €80 airsean.
28 lá atá ann leis an fhíneáil a íoc, sin nó tiocfaidh toghairm cúirte ag an té atá i gceist.