'Ar an 12 Eanáir tugadh treoir maidir le seicheamhú vacsaínithe d'oibrithe sláinte túslíne' a dúirt an HSE. 

Tháinig an freagra uaidh i bhfianaise na conspóide faoi dháileoga a fuair teaghlaigh le hoibrithe sláinte túslíne áirithe in Ospidéal an Choim.

Tharla an chonspóid áfach 4 lá roimh an treoir ón HSE.

Chomh maith leis an seicheamhú agus ar bhain leis mhol an HSE go mbunódh ionaid sláinte liostaí cúltaca d'oibrithe sláinte eile a bheadh ar fáil ar ghearrfhógra.

'Níor chóir go dtarlódh ar tharla sa Choim (8 Eanáir)' a dúirt an An tAire Airgeadais Paschal Donohue ar maidin.

An tAire Airgeadais Paschal Donohue

'Sin an fáth a bhfuil an tAire Sláinte (Stephen Donnelly) ag gníomhú chomh tapa ar an gceist' a dúirt sé.

Tá míniú á lorg anois ag an Aire Donnelly ar Ospidéal an Choim maidir lenar tharla ansin seachtain ón Aoine seo caite.

Ospidéal an Choim, Baile Átha Cliath

Dúirt an tAire Donohue áfach go bhfuiltear ag géarú ar an luas i dtaca le breis daoine a vacsainiú, agus go bhfuair breis is 75,000 duine an vacsaín an tseachtain seo caite.

Máistir Ospidéil an Choim, Michael O'Carroll a bhfuil a leithscéal gafa aige. Bhí beirt clainne leis féin i measc an 16 a fuair na dáileoga a tharraing conspóid

'Tá an Rialtas sa phróiseas vacsaínithe seo meáite ar thús áite a thabhairt d'oibrithe sláinte túslíne chomh maith leo siúd is leochaillí atá' a dúirt an tAire Donohue.

'Beidh vacsaín faighte ag 700,000 saoránach faoi dheireadh mhí Márta' a dúirt sé.

Bhí an tAire Donohue ag labhairt ar an gclár raidió de chuid RTÉ, 'Today with Claire Byrne'.