Tá líon na n-othar anois in ospidéil an stáit de bharr an choróinvíris sa bhreis ar 2,000.

Deir Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE), Paul Reid go bhfuil 2,023 othar i gceist de réir fhigiúirí na maidne.

Príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid

'Tá tacaíochtaí géarchúraim á bhfáil ag breis is 400 díobh sin' a dúirt sé.

Ón 11 a'chlog inniu dhearbhaigh an HSE freisin go bhfuil 200 othar sna hionaid dianchúraim (ICU).

Tháinig 21 othar isteach ann le 24 uair a'chloig de réir na bhfigiúirí.

Scaoileadh amach 12 le linn an ama sin freisin a dúradh.