Tá sé deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 50 duine eile tar éis bháis le Covid-19 agus tá 3,498 cás nua sa Stát.

San iomlán, tá 2,536 duine tar éis bháis sa Stát ó thosaigh an ráig de Covid-19 in Éirinn agus tá an galar tolgtha ag 166,548 duine go dáta. 

Léiríonn na figiúirí is déanaí go bhfuil 1,850 duine a bhfuil an galar orthu in Ospidéal na tíre agus tá 184 acu san in aonaid dianchúraim. 

B'éigean do 118 duine dul go dtí an t-ospidéal leis an víreas le 24 uair an choig anuas. 

Baineann 54% do na cásanna a fógraíodh inniu le daoine atá faoi bhun 45 bliain d'aois. 

Tá 1,182 cás i mBaile Átha Cliath, 421 i gCorcaigh, 258 i Luimneach, 187 i nGaillimh agus 164 i bPort Láirge. Tá an 1,286 cás eile scaipithe ar fud na contaetha eile. 

Thug an Príomhoifigeach Leighis, an Dochtúir Tony Holohan le fios go bhfuil athraitheach nua den víreas aimsithe sa Bhrasaíl le déanaí agus i ndaoine a bhí ag taisteal chun na Seapáine agus chun na Brasaíle.

Dúirt sé nach bhfuil aon fhianaise ann go bhfuil na hathraithigh seo in Éirinn.