Tá lucht miondíola sa Tuaisceart ag achainí ar dhaoine gan a bheith ag ceannach ar an mórchóir agus seilfeanna in a lán siopaí fágtha folamh de bharr deacrachtaí soláthair.

Tá imní léirithe ag úinéirí siopaí beaga go mbeidh cúrsaí ina bpraiseach ar feadh roinnt míonna mar gheall ar shocruithe iompórtála bia a bheith trína chéile ag imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Tá deacrachtaí freisin ag na hollmhargaí móra, Tesco - an ceann is mó sa Bhreatain - ina measc. 

D'achainigh urlabhraí na miondíoltóirí Glyn Roberts ar an bpobal gnáthshiopadóireacht a dhéanamh agus gan a bheith ag ceannach earraí le stóráil le haghaidh na coise tinne.

Tá foireann speisialta tugtha le chéile ag Rialtas na Breataine le hoibriú i gcomhar leis na siopaí féachaint leis an bhfadhb a fhuascailt.

Tá sé tugtha le fios ag Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson go gcuirfidh sé na socruithe nua trádála leis an Aontas Eorpach ar fionraí murar féidir an scéal a chur ina cheart go pras.