Is ar éigean a thig leis na hospidéil phoiblí an brú atá orthu a sheasamh agus is ag dul in olcas a bheas an scéal, a dúirt Cumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann. 

Tá an Cumann ag éileamh ar an Rialtas agus ar an Roinn Sláinte dul i mbun cainteanna le go gcuirfear na hospidéil phríobháideacha ar fáil don chóras poiblí mar a rinneadh i mí an Mhárta anuraidh, go háirithe agus Covid-19 níos forleithne sa phobal anois ná a bhí an uair úd.

Caithfear an deighilt atá idir an tseirbhís phoiblí agus an tseirbhís phríobháideach a chur i leataobh anois mar gheall ar an méadú atá tagtha ar an líon cásanna Covid-19, dar leis an gCumann. 

Ag labhairt di ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt ardrúnaí an Chumainn Phil Ní Sheaghadha go gcaithfear é seo a dhéanamh le go mbeidh an spás agus an fhoireann ann nuair a bheas cóir leighis in ospidéil ag teastáil go práinneach ó dhaoine le Covid-19.

Dúirt urlabhraí sláinte Shinn Féin David Cullinane freisin go bhfuil sé thar am leas a bhaint as na hospidéil phríobháideacha leis an mbrú atá ar na hospidéil phoiblí a mhaolú. 

Thug ceannasaí Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Paul Reid le fios go bhfuil an bhroid oibre atá ar altraí agus ar an bhfoireann túsline trí chéile sna hospidéil ag dul i ndéine i gcónaí.

Dúirt Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte an Dr Tony Holohan nach dtiocfaidh aon athrú ar an scéal sna hospidéil sna seachtainí amach romhainn cé go bhfuil líon na gcásanna Covid-19 ag dul i laghad diaidh ar ndiaidh in aghaidh an lae.