Dúirt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil sé i gceist an vacsaín Covid-19 a bheith tugtha do 700,000 sa tír seo faoi dheireadh an Mhárta. Daoine in ionaid altranais, oibrithe sláinte agus daoine os cionn 70 bliain d'aois is mó atá i gceist.

I litir a sheol an tAire Donnelly chuig Teachtaí Dála, mhaígh sé freisin go bhféadfadh an vacsaín a bheith faighte ag suas le ceithre mhilliún duine faoi dheireadh Mheán Fómhair.

Tá súil ag an Rialtas 3.7 milliún dáileog den vacsaín a fháil idir Aibreán agus Meitheamh agus thart ar an méid céanna arís an ráithe ina dhiaidh sin.

D'fhágfadh sé sin go bhféadfadh an dá instealladh den vacsaín a bheith faighte ag suas le ceithre mhilliún duine faoi cheann ocht mí go leith nó mar sin.

Dúirt an tAire Donnelly, áfach, go bhfuil cúinsí an-luaineach go fóill agus go bhfuil na meastacháin seo ag athrú an t-am ar fad.