D'fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 63 duine eile básaithe leis an ngalar Covid-19 sa Stát agus go bhfuil 3,569 cás nua ann. 

Fágann sé seo go bhfuil 2,460 duine básaithe leis an ngalar i bPoblacht na hÉireann agus go bhfuil sé tolgtha ag 159,144 duine ó thús na paindéime. 

Tá 1,770 othar Covid-19 in ospidéil ar fud na tíre, sin ardú 133 ó inné. Tá 172 de na hothair in aonaid dianchúraim, sin ardú 14 ó inné. 

Is i mBaile Átha Cliath atá 1,119 de na 3,569 cás nua, tá 416 i gCorcaigh, 200 i nGaillimh, 182 i Lú, 169 i bPort Láirge agus tá an 1,483 cás eile roinnte idir na contaetha eile.

Dearbhaíodh níos túisce inniu go bhfuil naoi nduine dhéag eile básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil 1,145 cás nua ann.

Fágann sin go bhfuil 1,517 duine básaithe le Covid-19 sa Tuaisceart agus go bhfuil sé tolgtha ag 91,809 duine ó thús na géarchéime. 

Tá 869 othar Covid-19 in ospidéil ar fud an Tuaiscirt agus tá 56 acu in aonaid dianchúraim. Tá 40 acu ag brath ar aerálaí.