Tá an leithscéal a ghabh an Taoiseach Micheál Martin sa Dáil le daoine a d'fhulaing in árais máithreacha agus naíonán cáinte ag páirtithe an fhreasúra.
Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald nárbh fhíor a rá nach raibh sa scéal ar fad ach easpa combhá, tuisceana agus bundaonnachta i measc mhuintir na hÉireann.
B'fhíre a rá, a dúirt sí, gur mí-úsáid cumhachta agus mí-úsáid údaráis a bhí ann. Imríodh an feall seo go brúidiúil ar mhná agus ar chailíní, agus ar na boicht go háirithe.
Mhaígh Mary Lou McDonald nárbh fhíor a rá gurb í an tsochaí trí chéile a bhí freagach as an scannal. Eaglais Chaitliceach fhrithghníomhach agus stát a raibh bonn reiligiúnda faoi a bhí freagrach as, a dúirt sí.
Tá cúiteamh iomlán ag dul do na daoine a d'fhulaing, a dúirt sí.
Alan Kelly
Dúirt ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Alan Kelly gur chóir do gach aon pháirtí a bhí i gcumhacht nuair a bhí na hárais ann pardún a ghabháil leis na híospartaigh.
Mhol sé reachtaíocht a dhréachtú chun seilbh a ghabháil ar shócmhainní na bhforas eaglasta mura n-íocfaidh siad cion den chúiteamh.
Dúirt Jennifer Whitmore ó na Daonlathaithe Sóisialta nár leor an leithscéal a ghabh an Taoiseach inniu.
D'iarr sí go bhfaighfí réidh leis na constaicí dlíthiúla agus maorlathacha a chuireann bac ar íospartaigh faisnéis phearsanta fúthu féin a fháil.
Chuir Bríd Smith ó Phobal Roimh Bhrabús i leith an Taoisigh go raibh sé ag iarraidh an fhreagracht faoin éagóir a chur orainn ar fad le nach bhféadfaí an milleán a chur ar aon dream faoi leith.
Tar éis an tsaoil, ba iad an aicme pholaitiúil agus an eaglais a chuir an polasaí i bhfeidhm, a mhaígh sí.