Sa Dáil inniu, gabhfaidh an Taoiseach Micheál Martin leithscéal thar ceann an Stáit leis an dream a d'fhulaing in árais máithreacha agus naíonán.
Beidh deis ag páirtithe an fhreasúra ráitis a dhéanamh tar éis don Taoiseach an leithscéal a ghabháil.
Inné, dúirt Micheál Martin gur caibidil dhuairc, dheacair agus náireach i stair na tíre a nochtadh i dtuarascáil an Choimisiúin Imscrúdúcháin faoin scannal.
Tarraingíodh aird sa tuarascáil ar an neamhshuim a rinneadh den ráta báis sna hárais, go háirithe sna 1930í agus sna 1940í nuair a bhí os cionn 40% de leanaí ag fáil bháis sula raibh an chéad bhliain dá saol caite.
Dúirt Catherine Corless, ar bunaíodh an Coimisiún de bharr a cuid taighde, gur "briathra" is ea leithscéal ach gur "beart gan mhoill" de réir mholtaí na tuarascála atá de dhíth ar na daoine a bhí sna hárais.
Ag labhairt di ar RTÉ, mhaígh sí go gcuirtear constaicí sa bhealach ar na daoine sin gach uair a fhéachann siad le teacht ar a gcuid teastas breithe.
Dúirt an tAire Leanaí Roderic O' Gorman go bhfuil leithscéal an lae inniu tábhachtach go háirithe i bhfianaise an tsamhnais atá ar an dream a d'fhulaing faoi neamhaird a thug an Stát orthu leis na blianta.