Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go gcuirtear síos sa tuarascáil faoi árais máithreacha agus naíonan ar chaibidil dhuairc, dheacair agus náireach i stair na tíre seo le blianta beaga anuas.
Is scéal é a raibh torthaí tromchúiseacha aige ar go leor daoine, a dúirt sé.
Mhaígh sé gur nocht an tuarascáil cultúr a bhí thar a bheith fuafuar agus leatromach ar bhonn córasach ar mhná, go háirithe orthu siúd a rug leanaí gan iad a bheith pósta.
Dúirt an Taoiseach nár bhrúigh aon dream eachtrach an réimeas sin orainn, is muid féin mar shochaí a rinne an feall orainn féin.
Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur léir gur ar an Stát atá an milleán faoin éagóir a rinneadh ar mhná agus leanaí sna hárais.
Tomhasfar leithscéal an Taoisigh de réir an leorghnímh ina dhiaidh, a dúirt sí.
Ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald
D'iarr sí go gcuirfí taifid, teastais bhreithe ina measc, ar fáil do dhaoine a bhí sna hárais.
Mhaígh urlabhraí gnóthaí leanaí Pháirtí an Lucht Oibre, an Seanadóir Ivana Bacik, cé gur lá deacair é seo go bhfuil faoiseamh le fáil ann freisin don dream a d'fhulaing an ghéarleanúint.
Dúirt sí gur scéal millteanach atá sa drochíde a tugadh do mhná agus leanaí i bhforais Stáit in Éirinn.