Deir Coimisiúin Imscrúdúcháin go raibh an ráta báis i measc leanaí in árais máithreacha agus naíonán sa tír seo "uafásach." 

I dtuarascáil dheireanach an Choimisiúin, a tionscnaíodh cúig bliana ó shin agus a foilsíodh inniu, maítear gur dóichí gur in Éirinn - thar aon tír eile ar domhan - a bhí an céatadán is airde ban in árais den sórt seo san fhichiú haois. 

Toradh fiosrúcháin faoinar tharla in ocht gcinn déag de na hárais sin idir na blianta 1922 agus 1998 atá sa tuarascáil. 

Deirtear sa tuarascáil go raibh thart ar 56,000 bean agus 57,000 naíonán sna hárais i gcaitheamh na mblianta sin.

Sna 1960í agus i dtús na 1970í is mó a cuireadh iontu iad.

Bhí 80% de na máithreacha idir 18 agus 29 bliain d'aois, ach bhí cuid acu chomh hóg le dhá bhliain déag agus cuid eile amach sna daichidí. 

Bhí 5,616 de na máithreacha - 11.4% den iomlán a bhfuarthas eolas faoin n-aois - faoi 18 bliain. 

Áras máithreacha agus naíonán, Baile na gCros, Co na hIarmhí

Tugtar le fios sa tuarascáil gur éigníodh cuid de na mná, go raibh fadhbanna meabhairshláinte ag cuid acu agus go raibh roinnt eile faoi mhíchumas intleachtúil. 

Chuaigh mná isteach sna hárais máithreacha agus naíonán, a deirtear, mar nach bhfuair siad tacaíocht óna muintir ná ó athair an linbh. 

Cuireadh iallach orthu an baile a fhágáil agus tearmann a lorg in áit éigin nach mbeadh orthu íoc as. Bhí go leor acu bocht dearóil, a deirtear.

Ní raibh cuid acu ag iarraidh go mbeadh a fhios ag an bpobal go raibh siad ag iompar linbh agus chuaigh siad isteach sna hárais le nach scaoilfí an rún. Chuaigh cuid eile go Sasana. 

Deir an Coimisiún nach bhfuil aon fhianaise ann gur chuir an Stát ná údaráis eaglasta iallach ar na mná dul isteach sna hárais. 

Mar sin féin, a deirtear, ba mhinic a thug daoine muinteartha na mban chuig na hárais iad faoi choim agus gan a fhios ag na mná cá raibh a dtriall. 

Cé nach raibh na hárais seo chomh brúidúil le scoileanna saothair, b'áiteanna doicheallacha iad. 

Níor caitheadh go maith leis na mná iontu, go háirithe agus iad ar a leaba luí seoil, a deirtear.

Suíomh an aráis máithreacha agus naíonán, Tuaim, Co na Gaillimhe

I dtaca leis na páistí de, ba leanaí "tabhartha" iad agus dá bharr sin, a deirtear sa tuarascáil, rinneadh leatrom orthu i gcaitheamh a saoil. 

Go deimhin, rinneadh turgnaimh leighis ar leanaí sna hárais agus baineadh gaisneas astu le vacsaíní a thriail. Seacht gcinn de thrialacha a rinneadh ar leanaí sna hárais idir na blianta 1934 agus 1973, de réir na faisnéise a fuair an Coimisiún ó chomhlacht cógaisíochta GlaxoSmithKline.

Maítear sa tuarascáil gur suaithní nár cloídh le caighdeáin rialála agus eitice na linne fiú agus na trialacha seo á ndéanamh ar na páistí. 

Níor lorgaíodh cead na máthar ná ní bhfuarthas na ceadúnais chuí. 

Ar an dea-uair, ní bhfuair an Coimisiún aon fhianaise gur bhain aon ghortú d'aon leanbh as los na dtástálacha.

Thart ar 9,000 leanbh a bhásaigh sna hárais - 15% de na leanaí ar fad a bhí iontu.

Tarraingítear aird sa tuarascáil ar an neamhaird a tugadh ar an ráta báis sna hárais, go háirithe sna 1930í agus sna 1940í, nuair a bhí os cionn 40% de leanaí ag fáil bháis sula raibh an chéad bhliain dá saol caite.

Bhí an ráta báis seo uafásach, a deirtear, ach rinne polaiteoirí agus an pobal neamshuim de. 

Deir an Coimisiún nár cheart do na mná ná dá leanaí a bheith in árais den sórt seo an chéad lá riamh.