Tá athraitheach nua eile ar an gcoróinvíreas aimsithe ag lucht leighis sa tSeapáin.
Aimsíodh an claochlú i gceathrar a tháinig chun na Seapáine ón mBrasaíl.
Níl aon fhianaise ann fós go bhfuil an t-athraitheach seo níos tógálaí nó níos contúirtí ná aon cheann eile, a deirtear.
Tá grinnanailís le déanamh ag saineolaithe ar an athraitheach ach deirtear go mb'fhéidir nach mbeadh aon mhioneolas cruinn acu go ceann roinnt seachtainí nó míonna.
Tá duine den cheathrar a tholg an t-athraitheach nua - fear os cionn 40 bliain - curtha san ospidéal de bharr deacrachtaí análaithe a bheith aige.
Tá an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte curtha ar an eolas ag údaráis sláinte na Seapáine faoin gcor is déanaí seo.
Dá fhorleithne a scaipeann an víreas is ea is dóichí go dtiocfaidh claochlú air, a deir an eagraíocht.
Ní hin le rá, a deirtear, go mbeidh athraithigh níos tógálaí nó níos contúirtí ná a chéile.
Mar sin féin, tá sé deimhnithe cheana féin go bhfuil dhá athraitheach eile a tugadh faoi deara i dtosach i Sasana agus san Afraic Theas faoi seach, go bhfuil siad níos tógálaí ná cinn eile.