Tá iarratas faighte ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach ón gcomhlacht cógaisíochta AstraZeneca an vacsaín Covid-19 atá forbartha acu i gcomhar le hOllscoil Oxford a cheadú san Aontas Eorpach.
Dúirt an Ghníomhaireacht go gcuirfidh siad dlús leis an measúnú a dhéanfas siad ar an iarratas agus go n-eiseoidh siad tuairim faoin vacsaín a cheadú faoi 29 Eanáir.
Dúirt ceannaire an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen gur dea-scéala a bhí san iarratas a fuarthas ó AstraZeneca.
Tá dhá vacsaín lucht cógaisíochta Pfizer-BioNTech agus Moderna ceadaithe cheana féin ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus tá na vacsaíní sin á dtabhairt don phobal i mballstáit an Aontais Eorpaigh de réir a chéile.
Bhí an Ghníomhaireacht ag fanacht go dtí seo le tuilleadh faisnéise eolaíochta ó AstraZeneca faoina vacsaín siúd.