Tá os cionn 100 ráig den ghalar Covid-19 i dtithe altranais ar fud na tíre agus is ó thús na bliana a tuairiscíodh 50 acu. 

I gceann díobh - Teach Altranais Droimnín sa Sráidbhaile i gCo Laoise - bhásaigh seisear le Covid-19 le seachtain agus tá an galar ar 52 de na cónaitheoirí. 

Dúirt Tadhg Daly ón eagraíocht ionadaíochta, Tithe Altranais Éireann, gur de bharr an coróinvíreas a bheith chomh forleathan i measc an phobail go bhfuil an ghéarchéim seo anois sna tithe altranais. 

Ag labhairt dó ar RTÉ, dúirt sé go raibh gach duine san earnáil fíorairdeallach ó thús na paindéime agus gurb amhlaidh atá i gcónaí. 

Ó amárach, a dúirt Tadhg Daly, déanfar tástáil sheachtainiúil Covid-19 ar dhaoine i dtithe altranais go ceann trí nó ceithre seachtaine ar a laghad. 

Thug sé le fios go gcaithfí na tástálacha seo a dheánamh mar gheall ar an líon mór daoine a bhfuil an galar orthu ach nach bhfuil na comharthaí sóirt orthu.