Dúirt Uachtarán Mheiriceá Donald Trump go bhfuil sé ag iarraidh aistriú socair cumhachta agus go mbeadh athmhuintearas i measc mhuintir na tíre.
I dteachtaireacht físe a sheol an tUachtarán Trump, cháin sé iompar a lucht tacaíochta a bhí ag réabadh i Washington Dé Céadaoin agus polaiteoirí Chomhdháil Mheiriceá ar tí bua Joe Biden sa toghchán uachtaránachta i mí na Samhna a dhearbhú go hoifigiúil.
Dúirt Donald Trump an méid seo tar éis do roinnt daoine ina rialtas féin tabhairt le fios go raibh siad ag éirí as mar gheall ar an ruathar a thug lucht tacaíochta an Uachtaráin faoi Theach na Comhdhála.
Mhaígh siad go raibh siad ag éirí as a gcuid cúraimí mar nach bhféadfaidís leanacht orthu ag obair do dhuine a ghríosaigh a lucht tacaíochta le dul i mbun foréigin.
Bhí lucht Trump ag léirsiú taobh amuigh den fhoirgneamh agus fearg orthu faoi thoradh an toghcháin sular thug siad séirse ar an áit.
Chuaigh siad thar lucht slándála, bhris siad fuinneoga, dhréim siad thar na ballaí agus d'éirigh le cuid acu dul chomh fada le seomraí tionóil Theach na Comhdhála.
Tá póilín a gortaíodh Dé Céadaoin ar an gcúigiú duine atá básaithe de bharr na scliúchas.