skip to main content

Bua Joe Biden deimhnithe ag polaiteoirí Washington

Uachtarán tofa na Stát Aontaithe, Joe Biden
Uachtarán tofa na Stát Aontaithe, Joe Biden

Tá toradh thoghchán uachtaránachta na Stát Aontaithe deimhnithe go hoifigiúil ag polaiteoirí chomhdháil na tíre i Washington agus insealbhófar an Daonlathaí Joe Biden ina uachtarán seachtain ó Dé Céadaon seo chugainn. 

Dheimhnigh seanadóirí agus feisirí gurbh é Joe Biden a bhuaigh an toghchán i mí na Samhna roinnt uaireanta an chloig tar éis do na céadta de lucht tacaíochta an Uachtaráin Donald Trump séirse a thabhairt faoi fhoirgneamh na comhdhála. 

Bhí lucht Trump ag léirsiú taobh amuigh den fhoirgneamh agus fearg orthu faoi thoradh an toghcháin sular thug siad rúid ar an áit.

Chuaigh siad thar lucht slándála, bhris siad fuinneoga, dhréim siad thar na ballaí agus d'éirigh le cuid acu dul chomh fada le seomraí tionóil na comhdhála. 

Deir na póilíní gur bhásaigh ceathrar le linn na caismirte. Chaith siad féin duine acu agus fuair an triúr eile bás de bharr éigeandálacha leighis, a deir siad. 

B'éigean deimhniú thoradh an toghcháin a chur ar fionraí de bharr na scliúchas, ach ghabh na póilíni smacht ar áit ar deireadh agus d'fhill na polaiteoirí ar na seomraí tionóil. 

Tar éis díospóireachta, deimhníodh go foirmiúil gur 306 coláiste toghcháin a bhí buaite ag Joe Biden i mí na Samhna agus 232 ag Donald Trump.