Is í bean 90 bliain d'aois de bhunadh na hÉireann an chéad duine sa phobal le vacsaín Covid-19 a fháil. 

Tugadh an vacsaín do Margaret Keenan, arb as Inis Ceithleann i gCo Fhear Mhanach í ó dhúchas, ag thart ar 6.45 ar maidin in ospidéal i gcathair Coventry i Sasana. Tá sí ag cur fúithi sa chathair sin le breis agus 60 bliain.

Gheobhaidh sí teanndáileog den vacsaín - atá táirgthe ag Pfizer-BioNTech - i gceann trí seachtaine le go mbeidh seans níos fearr fós aici an galar a sheachaint. 

D'fhógair Rialtas na Breataine an tseachtain seo caite go dtosófaí an tabhairt na vascaíne don dream is tograí do Covid-19 gan mhoill. 

Cúntóir i siopa seodóra ab ea Margaret agus níor éirigh sí as a post ach ceithre bliana ó shin. Tá iníon, mac agus ceathrar garpháistí aici. 

Dúirt sí ar maidin gur mhór an phribhléid di a bheith ar an gcéad duine sa phobal leis an vacsaín a fháil. 

Tá sí ag tnúth anois le ham a chaitheamh lena clann agus a cairde, a dúirt sí, tar éis di cuid mhór den bhliain a chaitheamh ina haonar. 

Joanna Sloan a fuair an vacsaín i mBéal Feirste ar maidin

Tugadh an vacsaín ar maidin freisin d'altra in Ospidéal Ríoga Victoria i mBéal Feirste.

Go gairid tar éis 8 a chlog a tugadh an vacsaín do Joanna Sloan, 28 bliain, atá i bhfeighil dháileadh na vacsaíne i limistéar Bhéal Feirste.