Dúirt duine de na peileadóirí mná is iomráití sa tír,Cora Staunton tar éis a rá gur cheart do na 3 eagraíochtaí spóirt, a dhéanann cúram do chluichí gaelacha na hÉireann, cónascadh.

Bhí sí ag labhairt tar éis na conspóide inné, nuair a haistríodh cluiche i gcomórtas craoibhe peile na mban ó Pháirc Parnell i mBaile Átha Cliath go Páirc an Chrócaigh, ag an nóiméad deireanach geall leis.

Corcaigh in aghaidh na Gaillimhe a bhí i gceist, cluiche leathchraoibhe.

Ba chinneadh é seo a chuir as go speisialta do pheileadóirí na Gaillimhe, deirtear.

Cora Staunton, i ngeansaí 'Greater Western Sydney Giants' ag imirt na peile Astráilí

Maíonn bainistíocht na foirne sin gur fágadh ar an gcois dheiridh iad, agus go raibh a chónach sin orthu ar pháirc na himeartha.

Ar an gclár raidió de chuid RTÉ,'News at One' inniu, dúirt Cora Staunton go bhfuil sé in am anois ag eagraíochtaí na mban; siad sin Cumann Pheil na mBan (LGFA) agus an Chónaidhm Camógaíochta theacht faoi scáth Chumann Lúthchleas Gael (CLG).

'Sin, nó tarlóidh ar tharla inné i mBaile Átha Cliath, arís' , a thug sí le fios.

Marie Hickey,Uachtarán LGFA

Níos túisce inniu ar an gclár raidió de chuid RTÉ,'Morning Ireland' dúirt Uachtarán LGFA, Marie Hickey go raibh sí buíoch do CLG as úsáid Pháirc an Chrócaigh a thabhairt don chumann inné.

Dúirt sí freisin áfach go mbeadh neart ama réitigh ag mna na Gaillimhe ar phairc na himeartha dá bhfágfadh siad a seomra feistis i bPáirc an Chrócaigh níos túisce, ráiteas a bhfuil a chion fhéin den fhearg tarraingte aige ó bhainisteoir na Gaillimhe Timmy Rabbitte, agus go deimhin bainisteoir Chorcaí, Ephie Fitzgerald.