Tá teaghlach Sandra Collins,bean as Co.Mhaigh Eo, atá ar iarraidh le beagnach 20 bliain, ag impí ar an phobal aon eolas a bheadh acu a chuideodh teacht ar an áit a bhfuil sí curtha, a roinnt leo.

Dúirt a deartháireacha David agus Patrick Collins le Nuacht RTÉ nach bhfuil uathu ach corp Sandra a aimsiú, le gur féidir leo í a chur taobh lena tuismitheoirí. 

Chonacthas Sandra Collins go deiridh, nuair a d'fhág sí siopa sceallóga i gCill Ala, ar an oíche 14 Nollaig, 2000.

 

Sandra Collins fós go láidir i gcuimhne a muintire agus an phobail

Creidtear gur fuadaíodh í agus maraíodh í. 

Creidtear freisin go raibh sí ag iompar clainne ag an am.

Bean 29 bliain d’aois.

Cúramóir dá haintín, iníon 's deirfiúr.

Ba as Fótais, Crois Mhaoilíona í. 

Cúig lá i ndiaidh dí dul ar iarraidh, fuarthas a seaicéad ar ché Chill Ala ach níor thángthas ar a corp ariamh. 

Le himeacht fiche bliain, rinne Gardaí agus An Garda Cósta a taisí a chuardach.  

In 2013, cúisíodh fear i ndúnmharú Sandra ach fuarthas neamhchiontach i dtriail chúirte é i 2014. 

Tá Gardaí i mBéal an Átha ag achainí ar dhaoine a bhfuil aon eolas acu faoin chás dul i dteagmháil leo. 

I gCill Ala, tá leac marmair cois na céibhe i gcuimhne ar Sandra Collins.