Dheimhnigh an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil 18 eile tar éis bháis de bharr Covid-19 agus tá 298 cás nua den víreas sa Stát.

Tá 31 duine fós in aonaid dianchúraim na tíre.

Bhásaigh duine amháin inniu, duine amháin i Mí Dheireadh Fómhair agus 15 i Mí na Samhna. 

Tá fiosrúchán ar bun maidir le dhá chás.

Go dtí seo, 2,069 duine ar fad atá tar éis bháis le Covid-19 i bPoblacht na hÉireann.

72,798 cás de Covid-19 a bhí sa Stát go dtí seo ó thosaigh an ghéarchéim sa tír.