Tá imní ar iascairí sa chalafort iascaireachta is mó i dTuaisceart Éireann gur Breatimeacht gan margadh a bheidh ann agus tá siad ag ullmhu dá réir.
Is as Cuan Bhleá Cliath i Muir Éireann a thagann leath den iasc a thugtar i dtír i gCill Chaoil i gCo an Dúin.
Deir iascairí sa chalafort iascaireachta is mó i dTuaisceart Éireann go bhfuil siad ag súil leis an toradh is fearr ach ag réiteach don toradh i gcás an Bhreatimeachta.
Is fiú £41 milliún tionscal na hiascaireachta don Tuaisceart.
Tugtar an tríú chuid de ghabháltas éisc an tuaiscirt le céibh i gCill Chaoil i gContae an Dúin.
Deir Brian Cunningham, fear arbh é an séú glúin dá theaghlach ag iascaireacht mura ndéantar margadh Breatimeachta go dtiocfadh brú mór teacht ar thaillte iascaireachta a bheidh ar fáil do bháid an tuaiscirt.
I Muir Éireann a dhéanann formhór bháid Chill Chaoil a gcuid iascaireachta faoi láthair
"Tá imní ar iascairí Chill Chaoil faoi láthair," a deir an tiar-chomhalta Tionóil Doiminic Ó Brolacháin.
"Is é an t-Aontas Eorpach an margadh is mó atá acu faoi láthair. Má bhíonn Breatimeacht gan margadh ann, ní bheith an margadh sin acu," a deir Ó Brolachain
Tagann leathchuid de ghabháltas éisc Chill Chaoil i gContae an Dúin ó chloicheáin Bhá Bhaile Átha Cliath i Muir Éireann.
"Tá thar míle duine fostaithe sa tionscal i gCill Chaoil," arsa Ruairí Ó Donnáin. "Bheadh sé ina thubaiste má bhíonn Breatimeacht gan margadh ann," a dúirt sé.
Léirítear i dtaighde a rinneadh faoin Bhreatimeacht gur vótáil os cionn 90% d'iascairí Chill Chaoil ar a son an Bhreatimeachta.