Tá bean 70 bliain d'aois gafa ag poilíní sa tSualainn agus é curtha ina leith gur choinnigh sí a mac i ngéibheann ina dteach cónaithe ar feadh nach mór 30 bliain.

Tá líomhaintí curtha ina leith gur choiméad sí a mac faoi ghlas san árasán ina raibh siad ina gconaí ann ar feadh blianta fada tar éis di é a thógaint amach as an scoil agus é 12 bliain.

Tuairiscítear gur tháinig gaol leis an bhfear atá sna daichidí anois isteach san árasán Dé Domhnaigh nuair a tugadh a mháthair go dtí an t-ospidéal agus í tinn. Is ann a tháinig sí ar an bhfear.

Tuairiscítear go raibh an fear sínte ar phluid ar an úrlar, clúdaithe le cneácha, agus é gortaithe. Deirtear nach raibh sé in ann labhairt agus gur ar éigean go raibh fiacla fágtha aige.

Tuigtear go raibh coinníollacha maireachtála ainnise aige. Tá an fear tuairim is dhá scór bliain d'aois anois. 

Tá cóir leighis á cur ar an bhfear san ospidéal.