I dTuaisceart Éireann, tá líon na ndaoine atá tar éis bháis de bharr Covid-19 os cionn 1,000 anois.

Deimhníodh inniu go raibh 15 eile tar éis bháis de bharr an víris. 1,011 an líon oifigiúil atá tar éis bháis i dTuaisceart Éireann anois go dtí seo. 

Bhásaigh seachtar le 24 uair an chloig anuas agus ochtar eile taobh amuigh den tréimhse sin. 

Fógraíodh 391 cás nua de Covid-19 sa Tuaisceart inniu.

Dúirt Aire Sláinte an Tuaiscirt Robin Swan gur meabhrú a bhí san fhigiúr do 1,000 duine atá tar éis bháis ar an mbaol atá ann i gconaí ó Covid-19.