Phléadáil fear 21 bliain d'aois ciontach i ndúnorgain maidir le timpiste bóthair a tharla i gContae Lú níos luaithe i mbliana agus inar maraíodh triúr.

Tharla an tionóisc ar an bpríomhbhóthar ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste i gContae Lú.

Tugadh Keith Lennon le seoladh baile ag Páirc na Foraoise, Dromainn Tí, Contae Ard Mhacha os comhair na cúirte dúiche i nDroichead Átha inniu.

Nuair a cuireadh na cúiseanna ina leith, d'fhreagair sé 'ciontach' do gach cúis.

Maraíodh Mary agus Kevin Faxton as An Sruthán agus Bryan Magill as Iúr Cinn Trá i dTuaisceart Éireann sa tionóisc a tharla ar an 29ú Feabhra i mbliana.

Chuir an Breitheamh Patrick Quinn an cás siar go dtí Mí Eanáir agus tá an té atá cúisithe curtha siar faoi choinneáil.

Tiocfaidh sé os comhair na cúirte arís an lá sin ar nasc físe, tráth go socrófar dáta chun pianbhreith a ghearradh air.