Tá an siopa ilrannach Debenhams le tús a chur le próiséas leachtaithe.
Dúnfar a gcuid siopaí ar fad agus meastar go gcaillfear suas le 12,000 post.
Dúirt Riarthóirí Debenhams gur tógadh an cinneadh deireadh a chur le cúrsaí i ndiaidh dóibh teipeadh teacht ar cheannaitheoir.
Dheimhnigh JD Sports inniu nach mbeadh tairiscint á dhéanamh acu.
Tá 124 siopa ag Debenhams sa Ríocht Aontaithe. Tagann an scéal lá amháin ndiaidh do Arcadia tabhairt le fios mbeidh an comhlacht sin á leachtú chomh maith agus tuairim is 13,000 post i mbaol.
I Mí Aibreáin, chuaigh siopaí Debenhams in Éirinn faoi leachtú agus cailleadh os cionn 1,000 post.