Tá grianghraf do bharróg a thug dochtúir i Meiriceá do fhear aosta mearscaipthe ar fud an domhain mhóir.

Chonaic an dochtúir Joesph Varon, a bhí ag tabhairt cóir leighis d'othair in ospidéal i Houstan Texas fear aosta agus é trína chéile in aonad dianchúraim san ospidéal.

Dúirt an dochtúir Varon, an Ceann Foirne ag an Ionad Leighis i Houston agus é ag labhairt le CNN go bhfaca sé an fear aosta agus é ag iarraidh teacht amach as a leaba agus an seomra a fhágáil nuair a bhí sé fhéin ag freastal ar an aonad dianchúraim Déardaoin seo caite. Dúirt an dochtúir go raibh an fear go hiomlán trína chéile agus ag gol.

Chuaigh an dochtúir chomh fada leis agus d'fhiafraigh sé do ''Cén fáth go bhfuil tú ag gol?''

''Táim ag iarraidh a bheith le mo bhean chéile'' arsa an fear leis.

Dúirt an dochtúir go raibh trua aige do agus thug sé barróg do. 

''Sa deireadh bhraith sé níos fearr agus stop sé ag gol'' arsa an dochtúir Varon le CNN. 

Bhí Joesph Varon i ndiaidh 256 lá oibre as a chéile a dhéanamh an lá go bhfaca sé an seanóir ag gol agus ag iarraidh éalú ón ICU. 

Dúirt an dochtúir go raibh an t-aonad dianchúraim an-deacair, go háirithe toisc go mbíonn daoine fágtha leo féin istigh ann. Dúirt sé go mbíonn sé níos deacra fós ar dhaoine atá amach sna blianta.