Tá miondíoltóirí neamhriachtanacha chomh maith le gruaigairí, gnóanna áilleachta agus ionaid aclaíochta ar fud na tíre ar fad oscailte arís inniu i ndiaidh 6 seachtainí do shrianta dianghlasála.

Tá cead ag pictiúrlanna, músaeim agus dánlanna oscailt chomh maith.

Fanfaidh bialanna agus tithe tábhairne ina mbíonn bia á ullmhú iontu dúnta go dtí Dé hAoine. 

Tá deireadh tagtha inniu chomh maith le pointí seiceála socraithe de chuid an Gharda Síochána ar mhotarbhealaí agus ar dhébhealaí ach beidh pointí seiceála fós i bhfeidhm ar na príomhbhóithre.

Bhí scuainí móra fada le feiceáil taobh amuigh de Pennys ar maidin agus táthar ag súil le go leor custaiméirí i siopaí na tíre inniu agus 3 seachtainí fágtha go dtí an Nollaig.