Tá duine amháin eile tar éis bháis agus tá 306 cás nua de Covid -19 sa Stát. 

Go dtí seo, tá 2,053 duine tar éis bháis le Covid-19 in Éirinn agus 72,544 cás den ngalar sa tír.

Tá duine amháin breise in aonaid dianchúraim na tíre leis an víreas, an figiúr sin ag 31 inniu. 

Tá 244 othar le Covid-19 in Ospidéil na hÉireann agus triúr eile imithe go dtí an t-ospidéal le 24 uair an chloig anuas. 

I measc cásanna an lae inniu, tá 156 fear agus 148 bean. Tá 67% faoi bhun 45 bliain d'aois. 

Bhí 108 cás i mBaile Átha Cliath, 30 i Luimneach, 22 i nGaillimh, 17 i nDún na nGall, 15 i gCill Mhantáin, 14 i gCorcaigh agus bhí an 100 cás eile scaipithe ar fud 18 gcontae eile sa Stát. 

I dTuaisceart Éireann, bhásaigh 10 eile le Covid-19. 996 duine ar fad atá tar éis bháis anois i dTuaisceart Éireann de bharr an víris. 

Tá 290 cás nua sa Tuaisceart. 52,465 cás ar fad den víreas a bhí i dTuaisceart Éireann go dtí seo. 

Tá an ráta R nó ráta scaipithe an vírís anois idir 0.7 agus 1.