Tá imní ar phobal tuaithe i dtuaisceart Liatroma go bhfuil an ceantar á bhánú de bharr deacrachtaí leis an gcóras pleanála. 

Tá cuireadh tugtha go dtí an ceantar don Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus don Aire Stáit do Phleanáil agus Rialtas Áitiúil chun an cheist a phlé. 

"Níl ag teastáil uainn ach seans a thabhairt do dhaoine óga clann a bheith acu agus iad i gcónaí thart faoin tuath," a deir Gearóid MacEochaidh as Gleann Farna. 

"Má chuirtear brú ar dhaoine dul isteach i gCluainín, Inis Ceithleann nó Sligeach, tá muid ag caint ar dheireadh áiteanna mar Ghleann Farna, Coillte Clochair agus Ros Inbhear. Tá súil agam go mbeidh réiteach teicneolaíochta ann. Sin nó faoiseamh de chineal éigean ar na rialacha pleanála," a deir Gearóid MacEochaidh.

Thóg Déaglan Mac Suibhne an t-aon teach a chuaigh suas i mórcheantar Ghleann Fearna i dtuaisceart Liatroma le cúig bliana. Tá súil ag a theaghlach bogadh isteach don Nollaig. 

"Tháinig muid ar ais ó Londain agus thóg sé beagnach ceithre bliana an phleanáil a bhaint amach. Bhí a lán strus agus brú ag baint leis agus próiseas deacair ar fad a bhí ann i ndáiríre," a dúirt Déaglan. 

D'fhág 14 páiste Scoil Náisiúnta Ghleann Farna i mbliana agus níor thosaigh ach cúigear inti. 

Deir an Príomhoide Josephine Gallery go bhfuil daonra na scoile titithe go mór le leathchéad bliain. 

"Nuair a d’oscail an scoil bhí beagnach 200 dalta inti. Anois, tá 58 againn. Tá na huimhreacha ag isliú mar níl cead ag na daoine tithe a thógáil anseo" a deir sí. 

Teastaíonn ón bpobal toil na n-údarás a thabhairt ionas go mbeidh sé níos fusa ag daoine tithe aonair a thógáil faoin tuath. 

"Feicim daoine agus tá aithne agam ar dhaoine a bhfuil fonn orthu teacht ar ais. Daoine a rugadh agus a tógadh san áit. Tá sé scanallach ar bhealach go bhfuil gach constaic curtha ina mbealach'' a deir Proinnsíos Ó Duigneáin.