Tá Muintir Uí Chionnaith ag ceiliúradh 80 bliain ó oscalaíodh an Siopa Leabhar cáiliúil i gcathair na dTreabh.  

Is iomaí athrú atá déanta ag an dteaghlach chun an gnó a choinneáil ag imeacht sna blianta sin.

I mbliana le Covid-19 agus toisc gur dúnadh na margaí idirnáisiúnta go tobann agus b'éigean do mhuintir Uí Chionnaith díriú ar mhargaí na hÉireann níos mó ná riamh cheana.

Tá a lorg cruthaíoch fágtha ag Des agus Maureen Kenny a d’oscail Siopa Leabhar Kennys i lár Chathair na Gaillimhe taca an ama seo 80 bliain ó shin.

Faoi láthair tá cúigear den chlann agus roinnt den gharchlann fite fuite sa ghnó, ina bhfuil gailearaí, ceanglann agus siopa ar líne mar chuid de.

Aistríodh an siopa leabhar agus gailearaí go Liosbán 12 bliain ó shin agus tá an gnó dírithe go mór ar dhíolachán ar líne anois.  

Níl mórán fathach i ndomhan na scríbhneoireachta, filíochta agus ealaíne nach bhfuil tar éis cuairt a thabhairt ar Kennys,  leithéidí Seamus Heaney, Edna O’Brien, John McGahern, agus Roald Dahl ina measc. 

Beidh tuilleadh faoin scéal seo ag Áine Lally ar Nuacht TG4 ag 7pm